|
+Airteagal 6 1. |
Airteagal 6 1.Ní fhéadfaidh ach na gnóthais airgeadais seo a leanas, arna n-údarú nó arna gclárú faoi dhlí an Aontais, iarratas a dhéanamh ar TPPU a chlárú:
(a)
institiúidí creidmheasa arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );
(b)
gnóthais árachais arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), atá i mbun árachas saoil díreach de réir Airteagal 2(3) de Threoir 2009/138/CE agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin;
(c)
institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2341 agus atá, de bhun an dlí náisiúnta, údaraithe agus faoi mhaoirseacht chun táirgí pinsin phearsanta a sholáthar freisin. Sa chás sin, déanfar na sócmhainní agus na dliteanais go léir a chomhfhreagraíonn do ghnólacht a sholáthraíonn TPPUnna a imfhalú, gan aon fhéidearthacht a bheith ann iad a aistriú chuig gnólacht soláthair scoir eile na hinstitiúide;
(d)
gnólachtaí infheistíochta arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE; a sholáthraíonn bainistiú punainne;
(e)
cuideachtaí infheistíochta nó cuideachtaí bainistíochta arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE;
(f)
bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha AE (AIFM AE) arna n-údarú i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|