8. Áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfear coláistí, i measc nithe eile, chun faisnéis a mhalartú, cúnamh frithpháirteach a sholáthar nó an cur chuige maoirseachta i leith an ghrúpa nó an eintitis faoi oibleagáid a chomhordú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, bearta iomchuí comhréireacha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe tromchúiseacha ar Rialacháin (AE) 2024/1624 agus (AE) 2023/1113 a bhraitear ar leibhéal an ghrúpa nó an eintitis faoi oibleagáid nó sna bunaíochtaí arna mbunú ag an ngrúpa nó ag an eintiteas faoi oibleagáid i ndlínse maoirseora atá rannpháirteach sa choláiste.