1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sásraí éifeachtacha ag lucht déanta beartas, FIUnna, maoirseoirí, lena n-áirítear AMLA, agus údaráis inniúla eile, chomh maith le húdaráis chánach, chun a chur ar a gcumas dóibh dul i gcomhar le chéile agus comhordú ar bhonn intíre a dhéanamh maidir le forbairt agus cur chun feidhme beartas agus gníomhaíochtaí chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac agus chun cosc a chur ar smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe gan a bheith á gcur chun feidhme nó a bheith á seachaint, lena n-airítear d’fhonn a n-oibleagáidí faoi Airteagal 8 a chomhlíonadh.