+Airteagal 5 Cosc ar sholáthar seirbhísí neamh-iniúchóireachta
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.

Airteagal 5 Cosc ar sholáthar seirbhísí neamh-iniúchóireachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.

Ní dhéanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a bhfuil an iniúchóireacht reachtúil a déanamh acu ar eintiteas leasa phoiblí, nó aon chomhalta den líonra lena mbaineann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, aon tseirbhís neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc a sholáthar go díreach nó go hindíreach don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas nó dá ghnóthais rialaithe laistigh den Aontas

(a) 

sa tréimhse idir tús na tréimhse a ndearnadh iniúchóireacht uirthi agus eisiúint na tuarascála iniúchóireachta; agus

▼C1

(b) 

sa bhliain airgeadais díreach roimh an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) maidir leis na seirbhísí a liostaítear i bpointe (g) den dara fomhír.

▼B

Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh seirbhísí neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc:

(a) 

seirbhísí cánach a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i) 

foirmeacha cánach a ullmhú;

(ii) 

cáin phárolla;

(iii) 

dleachtanna custaim;

(iv) 

fóirdheontais phoiblí agus dreasachtaí cánach a shainaithint mura bhfuil gá ann de réir an dlí le tacaíocht ón iniúchóir reachtúil nó ón ngnólacht iniúchóireachta i ndáil le seirbhísí den sórt sin;

(v) 

tacaíocht i dtaca le cigireachtaí cánach ag údaráis chánach mura bhfuil gá ann de réir an dlí le tacaíocht ón iniúchóir reachtúil nó ón ngnólacht iniúchóireachta i ndáil le cigireachtaí den sórt sin;

(vi) 

cáin dhíreach agus neamhdhíreach agus cáin iarchurtha a ríomh;

(vii) 

comhairle chánach a sholáthar;

(b) 

seirbhísí a bhaineann le haon pháirt a ghlacadh i mbainistiú nó i gcinnteoireacht an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air;

(c) 

leabharchoimeád agus taifid chuntasaíochta agus ráitis airgeadais a ullmhú agus tuairisciú inbhuanaitheachta a ullmhú;

(d) 

seirbhísí párolla;

(e) 

nósanna imeachta inmheánacha rialaithe nó bainistithe riosca a bhaineann le hullmhú agus/nó rialú faisnéise airgeadais nó córas teicneolaíochta faisnéise airgeadais a cheapadh agus a chur chun feidhme;

(f) 

seirbhísí luachála, lena n-áirítear luachálacha a dhéantar i dtaca le seirbhísí achtúireacha nó seirbhísí tacaíochta dlíthíochta;

(g) 

seirbhísí dlí, maidir leis an méid seo a leanas:

(i) 

comhairle ghinearálta a sholáthar,

(ii) 

dul i mbun caibidlíochta thar ceann an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, agus

(iii) 

abhcóideacht a dhéanamh i réiteach dlíthíochta;

(h) 

seirbhísí a bhaineann le feidhm iniúchóireachta inmheánaí an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air;

(i) 

seirbhísí atá nasctha le maoiniú, le struchtúr agus leithdháileadh caipitil, agus le straitéis infheistíochta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, seachas seirbhísí árachais a sholáthar i ndáil le ráitis airgeadais, amhail litreacha suaimhnis a eisiúint i dtaca le réamheolairí a eisíonn an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;

(j) 

scaireanna san eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air a chur chun cinn, a thrádáil agus a fhrithghealladh;

(k) 

seirbhísí acmhainní daonna i dtaca le:

(i) 

lucht bainistíochta atá in ann tionchar sonrach a chur i gcion ullmhúcháin taifead cuntasaíochta nó ráiteas airgeadais atá ina n-ábhar don iniúchóireacht reachtúil, i gcás ina mbaineann na seirbhísí sin leis an méid seo a leanas:

— 
iarrthóirí a lorg nó a chuardach le haghaidh post den sórt sin; nó
— 
seiceálacha a dhéanamh ar theistiméireachtaí na n-iarrthóirí ar phoist den sórt sin.
(ii) 

dearadh na heagraíochta a struchtúrú; agus

(iii) 

rialú costais.

Airteagal 5 2.
Féadfaidh na Ballstáit cosc a chur ar sheirbhísí seachas iad a liostaítear i mír 1 i gcás ina measann siad go bhfuil na seirbhísí sin mar bhagairt don neamhspleáchas. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún aon bhreiseanna a chuirfear leis an liosta i mír 1.
Airteagal 5 3.

De mhaolú ar an dara fomhír de mhír 1, féadfaidh na Ballstáit soláthar na seirbhísí dá dtagraítear i bpointí (a) (i), (a) (iv) go (a) (vii) agus (F) a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:

(a) 

níl aon éifeacht dhíreach acu nó tá éifeacht neamhábhartha acu, ar leithligh nó sa chomhiomlán acu ar na ráitis airgeadais iniúchta;

(b) 

déantar meastachán den éifeacht ar na ráitis airgeadais iniúchta a dhoiciméadú agus a mhíniú go cuimsitheach sa tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 11; agus

(c) 

comhlíonann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta na prionsabail neamhspleáchais a leagtar síos i dTreoir 2006/43/CE.

Airteagal 5 4.
Féadfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí agus, i gcás ina mbaineann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta le líonra, aon chomhalta de líonra den sórt sin, seirbhísí neamh-iniúchóireachta a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas nó dá ghnóthais rialaithe seachas na seirbhísí neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, faoi réir formheas a fháil ón gcoiste iniúchóireachta tar éis dó measúnú cuí a dhéanamh ar bhagairtí ar an neamhspleáchas agus ar na coimircí arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 22b de Threoir 2006/43/CE. Déanfaidh an coiste iniúchóireachta, i gcás inarb infheidhme, treoirlínte a eisiúint maidir leis na seirbhísí dá dtagraítear i mír 3.

Ní bheidh gá le formheas an choiste iniúchóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a sholáthar.

Féadfaidh na Ballstáit rialacha níos déine a bhunú ina leagtar amach na coinníollacha faoina bhfuil iniúchóir reachtúil, gnólacht iniúchóireachta nó comhalta de líonra lena mbaineann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta in ann seirbhísí neamh-iniúchóireachta a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas nó dá ghnóthais rialaithe seachas na seirbhísí neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 5 5.
Nuair a dhéanann comhalta de líonra lena mbaineann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí aon cheann de na seirbhísí neamh-iniúchóireachta, dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo, a sholáthar do ghnóthas atá ionchorpraithe i dtríú tír, ar gnóthas é atá rialaithe ag an eintiteas leasa phoiblí a ndéantar iniúchóireacht air, déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta lena mbaineann measúnú an dtarraingeodh soláthar seirbhísí dá leithéid ag comhalta den líonra amhras ar an neamhspleáchas atá aige nó aici.

Má dhéantar difear don neamhspleáchas atá aige nó aici, cuirfidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta coimircí i bhfeidhm, i gcás inarb iomchuí, d'fhonn na bagairtí a d'éirigh ó sholáthar seirbhísí dá leithéid i dtríú tír a mhaolú. Ní fhéadfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta leanúint leis an iniúchóireacht reachtúil a bhí á déanamh ar an eintiteas leasa phoiblí ach amháin más féidir leis nó léi a fhírinniú, i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo agus le hAirteagal 22b de Threoir 2006/43/CE, nach ndéanann soláthar na seirbhísí sin difear dá bhreithiúnas gairmiúil nó dá breithiúnas gairmiúil agus don tuarascáil iniúchóireachta.

Chun críocha na míre seo:

(a) 

measfar go ndéanfaidh rannpháirtíocht i gcinnteoireacht an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air agus soláthar na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (e) den dara fomhír de mhír 1 difear do neamhspleáchas den sórt sin i ngach cás agus nach féidir aon mhaolú a dhéanamh faoi réir aon choimirce mar gheall air sin.

(b) 

measfar go ndéanfaidh soláthar na seirbhísí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, seachas pointe (b), pointe (c) agus pointe (e) de difear do neamhspleáchas den sórt sin agus dá réir sin beidh coimircí de dhíth orthu chun na bagairtí atá ann mar gheall orthu a mhaolú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0537
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.