+Airteagal 11 Tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
|
Airteagal 11 Tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Déanfaidh na hiniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí tuarascáil bhreise a chur faoi bhráid choiste iniúchóireachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air tráth nach déanaí ná dáta chur isteach na tuarascála iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 10. Féadfaidh na Ballstáit ceangal breise a leagan síos go gcuirfear an tuarascáil bhreise seo faoi bhráid chomhlacht riaracháin nó maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air. Más rud é nach bhfuil coiste iniúchóireachta ag an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, tíolacfar an tuarascáil bhreise don chomhlacht a chomhlíonann feidhmeanna coibhéiseacha laistigh den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don choiste iniúchóireachta an tuarascáil bhreise sin a nochtadh do cibé triú páirtithe amhail dá bhforáiltear faoina ndlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Is i scríbhinn a bheidh an tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta. Tabharfar míniú inti ar thorthaí na hiniúchóireachta reachtúla a rinneadh agus, ar a laghad, déanfar an méid seo a leanas inti:
(a)
an dearbhú neamhspleáchais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(2) a chur san áireamh;
(b)
i gcás go ndearna gnólacht iniúchóireachta an iniúchóireacht, déanfar gach príomh-chomhpháirtí iniúchóireachta a raibh baint aige nó aici leis an iniúchóireacht a shainaithint sa tuarascáil;
(c)
i gcás go bhfuil socruithe déanta ag an iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta go ndéanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta eile nach bhfuil ina chomhalta nó ina comhalta den líonra céanna aon cheann dá ghníomhaíochtaí nó dá gníomhaíochtaí, nó go bhfuil úsáid bainte aige nó aici as saineolaithe seachtracha, déanfaidh an tuarascáil an fíoras sin a léiriú agus daingneofar inti go bhfuair an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta daingniú ón iniúchóir reachtúil eile nó gnólacht iniúchóireachta eile agus/nó ón saineolaí seachtrach maidir lena neamhspleáchas;
(d)
tabharfar tuairisc ar chineál, ar mhinicíocht agus ar mhéid na cumarsáide leis an gcoiste iniúchóireachta nó leis an gcomhlacht a bhfuil feidhmeanna coibhéiseacha de chúram air laistigh den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, laistigh den chomhlacht bainistíochta agus laistigh de chomhlacht riaracháin nó maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, lena n-áirítear dátaí cruinnithe leis na comhlachtaí sin;
(e)
tuairisc ar raon feidhme agus uainiú na hiniúchóireachta a chur san áireamh;
(f)
i gcás inar ceapadh níos mó ná iniúchóir reachtúil amháin nó níos mó na gnólacht iniúchóireachta amháin, tuairisceofar dáileadh na gcúraimí i measc na n-iniúchóirí reachtúla agus/nó na ngnólachtaí iniúchóireachta;
(g)
tabharfar tuairisc ar an modheolaíocht arna húsáid, lena n-áirítear na catagóirí den chlár comhardaithe a fíoraíodh go díreach agus cé na catagóirí a fíoraíodh bunaithe ar thástáil ar chomhlíonadh agus ar chóras; lena n-áirítear míniú maidir le haon éagsúlacht in ualú tástála comhlíontachta agus substaintí agus é á chur i gcomparáid leis an mbliain roimhe a mhíniú, fiú más rud é go ndearna iniúchóir reachtúil/iniúchóirí reachtúla nó gnólacht iniúchóireachta/gnólachtaí iniúchóireachta eile iniúchóireacht reachtúil na bliana roimhe;
(h)
nochtfar an leibhéal cainníochtúil ábharthachta a feidhmíodh leis an iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh maidir leis na ráitis airgeadais ina iomláine agus i gcás inarb infheidhme an leibhéal nó na leibhéil ábharthachta d'aicmí áirithe idirbheart, iarmhéid cuntas nó nochtuithe, agus nochtfar na fachtóirí cáilíochtúla arna meas nuair a bhí an leibhéal ábharthachta á chur síos;
(i)
tuairisceofar agus míneofar breithiúnais maidir le himeachtaí nó coinníollacha a sainaithníodh le linn na hiniúchóireachta a d'fhéadfadh amhras suntasach a chaitheamh ar chumas an eintitis leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach agus más ábhar éiginnteachta ábharaí iad; agus soláthrófar achoimre maidir leis na ráthaíochtaí go léir, na litreacha suaimhnis go léir, na gealltanais go léir maidir le hidirghabháil phoiblí agus leis na bearta go léir eile tacaíochta a cuireadh san áireamh nuair a bhí measúnú gnóthais leantaigh á dhéanamh;
(j)
tuairisceofar easnaimh shuntasacha i gcóras rialaithe airgeadais inmheánach an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air nó an mháthairghnóthais, i gcás ráiteas comhdhlúite airgeadais, agus/nó sa chóras cuntasaíochta. Maidir le gach easnamh suntasach, luafar sa tuarascáil bhreise ar réitigh an lucht bainistithe an t-easnamh i gceist nó nár réitigh;
(k)
tuairisceofar aon ábhar suntasacha lena mbaineann neamhchomhlíonadh iarbhír nó a bhfuiltear in amhras faoi i ndáil le dlíthe agus le rialacháin nó le hairteagail chomhlachais a sainaithníodh le linn na hiniúchóireachta, a mhéid a mheastar go bhfuil sé ábhartha chun go mbeidh an coiste iniúchóireachta in ann a chuid cúraimí a chomhlíonadh;
(l)
tuairisceofar agus déanfar measúnú ar na modhanna luachála a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na hítimí éagsúla sna ráitis bhliantúla airgeadais nó sna ráitis chomhdhlúite airgeadais, lena n-áirítear aon tionchar a bheadh ag athruithe ar mhodhanna den sórt sin;
(m)
i gcás iniúchóireachta reachtúla ar ráitis chomhdhlúite airgeadais, míneofar raon feidhme an chomhdhlúthaithe agus na gcritéir eisiaimh a chuir an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air i bhfeidhm ar na heintitis neamhchomhdhlúite, más ann dóibh, agus má tá na critéir sin a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcreat tuairiscithe airgeadais;
(n)
i gcás inarb iomchuí, sainaithneofar aon obair iniúchóireachta a rinne iniúchóir/iniúchóirí tríú tíortha, iniúchóir reachtúil/iniúchóirí reachtúla, eintiteas iniúchóireachta/eintitis iniúchóireachta tríú tíortha nó gnólacht iniúchóireachta/gnólachtaí iniúchóireachta maidir le hiniúchóireacht reachtúil nó ráitis chomhdhlúite airgeadais seachas obair a rinne comhaltaí den líonra céanna ná an líonra lena mbaineann iniúchóir na ráiteas comhdhlúite airgeadais;
(o)
tabharfar léiriú i dtaobh an ndearna an t-eintiteas a ndearnadh iniúchóireacht air na mínithe agus na doiciméid go léir a iarradh a sholáthar.
(p)
tuairisceofar inti:
(i)
aon deacrachtaí suntasacha a thángthas orthu le linn na hiniúchóireachta reachtúla;
(ii)
aon ábhair shuntasacha a eascraíonn ón iniúchóireacht reachtúil a pléadh nó a bhí ina n-ábhar do chomhfhreagras leis an mbainistíocht maidir leo; agus
(iii)
aon ábhair eile a eascraíonn ón iniúchóireacht reachtúil atá suntasach maidir le formhaoirseacht an phróisis tuairiscithe airgeadais de réir thuairim ghairmiúil an iniúchóra.
Féadfaidh na Ballstáit ceanglais bhreise a leagan síos maidir le hinneachar na tuarascála breise don choiste iniúchóireachta. Arna iarraidh sin d'iniúchóir reachtúil, do ghnólacht iniúchóireachta nó don choiste iniúchóireachta, déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil/na hiniúchóirí reachtúla nó an gnólacht iniúchóireachta/na gnólachtaí iniúchóireachta plé ar na príomhábhair a eascraíonn as an iniúchóireacht reachtúil a ndéantar tagairt orthu sa tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta, agus go háirithe i bpointe (j) den chéad fhomhír, le coiste iniúchóireachta, comhlacht riaracháin nó, i gcás inarb infheidhme, comhlacht maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Más rud é gur fostaíodh níos mó ná iniúchóir amháin nó gnólacht iniúchóireachta amháin ag an am céanna, agus más rud é gur tharla aon easaontas eatarthu, ar easaontas é a bhaineann le nósanna imeachta iniúchóireachta, le rialacha cuntasaíochta nó le haon saincheist eile maidir le seoladh na hiniúchóireachta reachtúla, déanfar na cúiseanna le heasaontas den sórt sin a mhíniú sa tuarascáil bhreise a thugtar don choiste iniúchóireachta.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Beidh ainm agus dáta leis an tuarascáil bhreise chuig an gcoiste iniúchóireachta. I gcás ina ndéanann gnólacht iniúchóireachta an iniúchóireacht reachtúil, is iad na hiniúchóirí reachtúla a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil thar ceann an ghnólachta iniúchóireachta a shíneoidh an tuarascáil bhreise a thugtar don choiste iniúchóireachta.
|
|
Airteagal 11 5.
|
Arna iarraidh sin dó nó dóibh, agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, déanfaidh na hiniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí iniúchóireachta an tuarascáil bhreise a chur ar fáil gan mhoill do na húdaráis inniúla de réir bhrí Airteagal 20(1).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0537
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|