+Airteagal 13 Tuarascáil trédhearcachta
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.

Airteagal 13 Tuarascáil trédhearcachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.
Déanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht reachtúil nó iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí tuarascáil bhliantúil trédhearcachta a phoibliú ceithre mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais. Déanfar an tuarascáil trédhearcachta sin a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta agus beidh an tuarascáil sin ar fáil ar an láithreán gréasáin sin go ceann cúig bliana ar a laghad ón lá a fhoilseofar í ar an láithreán gréasáin. Má tá an t-iniúchóir reachtúil fostaithe ag gnólacht iniúchóireachta, luífidh na hoibleagáidí faoin Airteagal seo ar an ngnólacht iniúchóireachta.

Ceadófar d'iniúchóir reachtúil nó do ghnólacht iniúchóireachta a thuarascáil bhliantúil trédhearcachta, mar a foilsíodh í, a uasdátú. i gcás den sórt sin, léireoidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta gur leagan uasdátaithe den tuarascáil é agus leanfaidh an leagan bunaidh den tuarascáil de bheith ar fáil ar an láithreán gréasáin.

Cuirfidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta in iúl do na húdaráis inniúla go ndearnadh an tuarascáil trédhearcachta a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta nó, de réir mar is iomchuí, go ndearnadh í a uasdátú.

Airteagal 13 2.

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil bhliantúil trédhearcachta:

(a) 

tuairisc ar struchtúr dlíthiúil agus ar úinéireacht dhlíthiúil an ghnólachta iniúchóireachta;

(b) 

i gcás go bhfuil an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ina chomhalta de líonra

(i) 

tuairisc ar an líonra agus ar na socruithe dlíthiúla agus struchtúrtha sa líonra;

(ii) 

ainm gach iniúchóra reachtúil a fheidhmíonn mar chleachtóir aonair nó mar ghnólacht iniúchóireachta ar comhalta den líonra é nó í;

(iii) 

na tíortha ina bhfuil gach iniúchóir reachtúil a fheidhmíonn mar chleachtóir aonair nó gach gnólacht iniúchóireachta ar comhalta den líonra é nó í cáilithe mar iniúchóir reachtúil nó ina bhfuil a oifig chláraithe nó a hoifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a phríomháit ghnó nó a príomháit ghnó aige nó aici;

(iv) 

an láimhdeachas iomlán arna a bhain na hiniúchóirí reachtúla a fheidhmíonn mar chleachtóirí aonair agus na gnólachtaí iniúchóireachta ar comhaltaí den líonra iad amach, arb é an láimhdeachas é a éiríonn as iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ar ráitis chomhdhlúite airgeadais.

(c) 

tuairisc ar struchtúr rialachais an ghnólachta iniúchóireachta;

(d) 

tuairisc ar chóras inmheánach rialaithe cáilíochta an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta agus ráiteas ón gcomhlacht riaracháin nó bainistíochta maidir le héifeachtacht fheidhmiú an chórais sin;

(e) 

léiriú i dtaobh cén uair a rinneadh an t-athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta is déanaí dá dtagraítear in Airteagal 26;

(f) 

liosta eintiteas leasa phoiblí ar ina leith atá iniúchóireachtaí reachtúla déanta ag an iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta le linn na bliana airgeadais roimhe sin;

(g) 

ráiteas a bhaineann le cleachtais neamhspleáchais an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta, ar ráiteas é lena ndaingnítear freisin gur seoladh athbhreithniú inmheánach ar chomhlíonadh maidir le neamhspleáchas;

(h) 

ráiteas ar an mbeartas ar dá réir a d'fheidhmigh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta i ndáil le hoiliúint leantach iniúchóirí dá dtagraítear in Airteagal 13 de Threoir 2006/43/CE;

(i) 

faisnéis a bhaineann leis an mbonn le luach saothair comhpháirtithe i ngnólachtaí iniúchóireachta;

(j) 

tuairisc ar bheartas an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta maidir le sealaíocht príomh-chomhpháirtithe iniúchóireachta agus daoine tábhachtacha den fhoireann iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 17(7);

(k) 

i gcás nach nochtar í ina ráitis airgeadais de réir bhrí Airteagal 4(2) de Threoir 2013/34/AE, faisnéis maidir le láimhdeachas iomlán an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta, arna miondealú sna catagóirí seo a leanas:

(i) 

ioncam ón iniúchóireacht reachtúil ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ráitis chomhdhlúite airgeadais de chuid eintiteas leasa phoiblí agus de chuid eintiteas atá mar chuid de ghrúpa gnóthas a bhfuil a máthairghnóthas ina eintiteas leasa phoiblí,

(ii) 

ioncam ón iniúchóireacht reachtúil ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ráitis chomhdhlúithe airgeadais d'eintitis eile;

(iii) 

ioncam ó sheirbhísí neamh-iniúchóireachta ceadaithe chuig eintitis a ndéanann an t-iniúchóir reachtúil inniúil nó an gnólacht iniúchóireachta iniúchóireacht orthu, agus;

(iv) 

ioncam ó sheirbhísí neamh-iniúchóireachta chuig eintitis eile.

Féadfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, in imthosca eisceachtúla, a chinneadh gan an fhaisnéis a éilítear i bpointe (f) den chéad fhomhír a nochtadh a mhéid is gá sin chun maolú a dhéanamh ar bhagairt shuntasach ar shlándáil phearsanta aon duine áirithe. Beidh an t-iniúchóir reachtúil nó don ghnólacht iniúchóireachta a bheith in ann a thaispeáint don údarás inniúil gurb ann do bhagairt den sórt sin.

Airteagal 13 3.
Déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta an tuarascáil trédhearcachta a shíniú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0537
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.