+Airteagal 24 Na cúraimí a tharmligean
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.
|
Airteagal 24 Na cúraimí a tharmligean
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24 1.
|
Maidir le haon cheann de na cúraimí a cheanglaítear a dhéanamh de bhun an Rialacháin seo, féadfaidh na Ballstáit é nó iad a tharmligean chuig na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 20(1), nó féadfaidh siad ligean do na húdaráis inniúla iad a tharmligean, chuig údaráis nó comhlachtaí eile atá ainmnithe nó atá údaraithe ar bhealach eile de réir an dlí na cúraimí sin a chomhlíonadh, seachas cúraimí a bhaineann leis an méid a leanas:
(a)
an córas dearbhaithe cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 26;
(b)
imscrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán seo agus in Airteagal 32 de Threoir 2006/43/CE a eascraíonn as an gcóras dearbhaithe cáilíochta sin nó as atreorú ó údarás eile; agus
(c)
pionóis agus bearta faoi mar a thagraítear dóibh i gCaibidil VII de Threoir 2006/43/CE a bhaineann leis na hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta nó leis na himscrúduithe ar iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí.
|
|
Airteagal 24 2.
|
Maidir le déanamh aon chúraimí a ag údaráis nó comhlachtaí eile, beidh sé ina ábhar do tharmligean sainráite ag an údarás inniúil. Sonrófar sa tarmligean na cúraimí tarmligthe agus na coinníollacha faoina ndéanfar iad. Má tharmligeann an t-údarás inniúil cúraimí chuig údaráis eile nó chuig comhlachtaí eile, beidh sé in ann na hinniúlachtaí sin a athghabháil de réir an cháis.
|
|
Airteagal 24 3.
|
Beidh na húdaráis nó na comhlachtaí eagraithe ar shlí nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann. Is é an t-údarás inniúil atá ag déanamh an tarmligin a bheidh freagrach sa deireadh as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh maidir leis an Rialachán seo agus leis na bearta cur chun feidhme a ghlactar dá bhun. Aon socrú a dhéantar maidir le cúraimí a tharmligean, lena n-áirítear na coinníollacha beachta lena rialaítear tarmligean den sórt sin, cuirfidh an t-údarás inniúil é sin in iúl don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát.
|
|
Airteagal 24 4.
|
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh na cúraimí dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 a tharmligean chuig údaráis eile nó chuig comhlachtaí eile atá ainmnithe de réir dlí nó atá ainmnithe ar shlí eile de réir dlí chun cúraimí den sórt sin a chur i gcrích, i gcás ina bhfuil formhór na ndaoine atá rannpháirteach i rialachas an údaráis nó an chomhlachta lena mbaineann neamhspleách ó ghairm na hiniúchóireachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0537
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|