|
+Airteagal 27 1. |
Airteagal 27 1.Déanfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear faoi Airteagal 20(1) agus an Gréasán Eorpach Iomaíochta (ECN), mar is iomchuí, faireachán rialta ar na forbairtí sa mhargadh le haghaidh seirbhísí iniúchóireachta reachtúla a sholáthar d'eintitis leasa phoiblí agus déanfaidh siad measúnú go háirithe ar na nithe seo leanas:
(a)
na rioscaí a éiríonn as iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta easnaimh cháilíochta a chur faoi deara go rímhinic, lena n-áirítear easnaimh chórasacha i líonra an ghnólachta iniúchóireachta a d'fhéadfadh a bheith ina gcionsiocair le gnólacht iniúchóireachta ar bith a scor, as briseadh i soláthar seirbhísí iniúchóireachta reachtúla cibé acu in earnáil shonrach nó thar earnálacha éagsúla, as carnadh rioscaí breise maidir le heasnaimh iniúchóireachta agus an tionchar a bheadh acu sin ar chobhsaíocht fhoriomlán na hearnála airgeadais;
(b)
leibhéil chomhchruinnithe sa mhargadh, lena n-áirítear in earnálacha faoi leith;
(c)
feidhmíocht choistí iniúchóireachta;
(d)
an gá le bearta a ghlacadh chun na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (a) a mhaolú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|