+Airteagal 12 1
|
Airteagal 12 1
1. Cáileoidh gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch a rannchuidíonn go substaintiúil le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí i gcás ina rannchuidíonn an ghníomhaíocht sin go substaintiúil le dea-stádas dobharlach a bhaint amach, lena n-áirítear dobharlaigh dromchla agus screamhuisce, nó le cosc a chur ar an meathlú ar na dobharlaigh sin má tá dea-stádas acu cheana féin, nó a rannchuidíonn go substaintiúil le dea-stádas comhshaoil uiscí muirí a bhaint amach, nó le cosc a chur ar meath na n-uiscí muirí má tá dea-stádas comhshaoil acu cheana féin, trí:
|
(a)
|
an comhshaol a chosaint ar na drochthionchair a ghabhann le scaoileadh fuíolluisce uirbigh agus thionsclaíoch, lena n-áirítear ó éilleáin ar díol imní iad amhail táirgí cógaisíochta agus micreaphlaistigh, mar shampla trína áirithiú go ndéanfar scaoileadh fuíolluisce uirbigh agus thionsclaíoch a bhailiú, a chóireáil agus a urscaoileadh ar bhealach leordhóthanach;
|
|
(b)
|
sláinte an duine a chosaint ar dhrochthionchar a ghabhann le haon éilliú ar uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine trína áirithiú go bhfuil sé saor ó aon mhiocrorgánaigh, paraisítí agus substaintí a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol, chomh maith le rochtain na ndaoine ar uisce óil glan a mhéadú;
|
|
(c)
|
feabhas a chur ar bhainistiú agus éifeachtúlacht uisce, lena n-áirítear trí stádas na n‐éiceachóras uisceach a chosaint agus a fheabhsú, trí úsáid inbhuanaithe uisce a chur chun cinn trí chosaint fhadtéarmach acmhainní uisce atá ar fáil, inter alia trí bhearta amhail athúsáid uisce, trí laghdú céimnitheach astaíochtaí na dtruailleán in uisce dromchla agus screamhuisce, trí éifeachtaí tuilte agus triomach a mhaolú, nó trí aon ghníomhaíocht eile lena gcosnaítear nó lena bhfeabhsaítear stádas cáilíochta agus cainníochta dobharlach;
|
|
(d)
|
úsáid inbhuanaithe seirbhísí éiceachórais mhuirí a áirithiú nó cur le dea-stádas comhshaoil uiscí muirí, lena n-áirítear tríd an muirthimpeallacht a chosaint, a chaomhnú nó a athbhunú agus trí ionchuir sa mhuirthimpeallacht a chosc nó a laghdú; nó
|
|
(e)
|
aon cheann de na gníomhachtaí sin a liostaítear i bpointí (a) go (d) den mhír seo a chumasú i gcomhréir le hAirteagal 16.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0852
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|