|
+Airteagal 6 1. |
Airteagal 6 1.Faoin 30 Meán Fómhair 2023, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú, mar aon leis an measúnú dá bhforáiltear faoi Airteagal 29(5) de Rialachán (AE) 2018/1999, ar an méid seo a leanas:
(a)
an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit uile chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) den Rialachán seo a bhaint amach;
(b)
an dul chun cinn comhchoiteann a dhéanfaidh na Ballstáit uile maidir le hoiriúnú amhail dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún conclúidí an mheasúnaithe sin, mar aon leis an tuarascáil ar Staid an Aontais arna hullmhú an bhliain féilire sin i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|