|
+Airteagal 1 Ábhar |
Airteagal 1 ÁbharAirteagal 1 Ábhar Is é is aidhm don Rialachán seo feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus soláthar leibhéil leordhóthanaigh slándála a áirithiú i gcás na modhanna ríomh-shainaitheantais agus na seirbhísí iontaoibhe a úsáidtear ar fud an Aontais, chun go mbeidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha in ann an ceart chun páirt a ghlacadh go sábháilte sa tsochaí dhigiteach agus chun rochtain a bheith acu ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha ar líne ar fud an Aontais a fheidhmiú agus chun an ceart sin a éascú. Chun na gcríoch sin, déantar an méid seo a leanas leis an Rialachán seo:
(a)
leagtar síos na coinníollacha faoina bhfuil na Ballstáit le modhanna ríomh-shainaitheantais daoine nádúrtha agus dlítheanacha a thagann faoi scéim ríomh-shainaitheantais de chuid Ballstáit eile ar tugadh fógra ina leith a aithint agus le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthar agus a aithint;
(b)
leagtar síos na rialacha maidir le seirbhísí iontaoibhe, go háirithe i gcás ríomh-idirbheart;
(c)
bunaítear creat dlí le haghaidh ríomhshínithe, ríomhshéalaí, ríomhstampaí ama, ríomhdhoiciméad, ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe, seirbhísí deimhnithe d’fhíordheimhniú suíomhanna gréasáin, ríomhchartlannú, ríomhdhearbhú saintréithe, gléasanna cruthaithe ríomhshínithe, gléasanna cruthaithe ríomhshéalaí, agus mórleabhair leictreonacha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|