I gcás ina gceanglaíonn soláthraithe ardán an-mhór ar líne dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
) fíordheimhniú úsáideoirí chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne, glacfaidh siad freisin le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití a sholáthraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus éascóidh siad úsáid na dTiachóg Eorpach Céannachta Digití sin, le haghaidh fhíordheimhniú úsáideora i gcás ina n-iarrann an t-úsáideoir sin ar bhonn deonach, agus sa chás sin amháin, agus i ndáil leis na sonraí íosta is gá don tseirbhís shonrach sin ar líne a n-iarrtar fíordheimhniú ina leith.