|
+Airteagal 8 2. |
Airteagal 8 2.Comhlíonfaidh na leibhéil dearbhaithe “íseal”, “suntasach” agus “ard” na critéir a leanas faoi seach:
(a)
tagróidh leibhéal dearbhaithe “íseal” do mhodh ríomh-shainaitheantais i gcomhthéacs scéime ríomhaitheantais, a chuireann leibhéal teoranta muiníne i gcéannacht mhaíte nó dhearbhaithe duine, agus a ngabhann sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin theicniúla agus nósanna imeachta teicniúla áirithe leis, lena n-áirítear rialuithe teicniúla, arb é is aidhm dóibh an baol atá ann go mbainfí mí-úsáid as an gcéannacht nó go n-athrófaí an chéannacht a laghdú go mór;
(b)
tagróidh leibhéal dearbhaithe “suntasach” do mhodh ríomh-shainaitheantais i gcomhthéacs scéime ríomh-shainaitheantais, a chuireann leibhéal suntasach muiníne i gcéannacht mhaíte nó dhearbhaithe duine, agus a ngabhann sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin theicniúla agus nósanna imeachta teicniúla áirithe leis, lena n-áirítear rialuithe teicniúla, arb é is aidhm dóibh an baol atá ann go mbainfí mí-úsáid as an gcéannacht nó go n-athrófaí an chéannacht a laghdú go mór;
(c)
tagróidh leibhéal dearbhaithe atá ard do mhodh ríomh-shainaitheantais i gcomhthéacs scéime ríomh-shainaitheantais, a chuireann leibhéal níos airde muiníne i gcéannacht mhaíte nó dhearbhaithe duine ná mar a dhéanann modh ríomh-shainaitheantais ag a bhfuil leibhéal dearbhaithe atá suntasach, agus a ngabhann sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin theicniúla agus nósanna imeachta teicniúla áirithe leis, lena n-áirítear rialuithe teicniúla, arb é is aidhm dóibh mí-úsáid céannachta nó athrú ar an gcéannacht a chosc. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|