|
+Airteagal 32a 4. |
Airteagal 32a 4.Ón 10 Eanáir 2030, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 22(4), pointe (b), Airteagal 25(3) agus Airteagal 26(1) agus (4) den Rialachán seo inrochtana ar ESAP. Chun na críche sin, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná an t-údarás inniúil. Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a)
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(b)
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)
ainmneacha uile an duine lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an duine, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(iii)
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(iv)
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|