|
+Airteagal 33 2. |
Airteagal 33 2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 12 Eanáir 2016, cé is moite den mhéid seo a leanas:
(a)
Airteagal 4(1), a mbeidh feidhm aige:
(i)
12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(9) do chontrapháirtithe airgeadais dá dtagraítear i bpointe (3)(a) agus (b) d’Airteagal 3 agus d’eintitis de chuid tríú tíortha dá dtagraítear i bpointe (3)(i) d’Airteagal 3 a mbeadh údarú nó clárú uathu i gcomhréir leis an reachtaíocht dá dtagraítear i bpointe (3)(a) agus (b) d’Airteagal 3 dá mba rud é go raibh siad bunaithe san Aontas;
(ii)
15 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(9) do chontrapháirtithe airgeadais dá dtagraítear i bpointí (3)(g) agus (h) d’Airteagal 3 agus d’eintitis de chuid tríú tíortha dá dtagraítear i bpointe 3(i) d’Airteagal 3 a mbeadh údarú nó clárú uathu i gcomhréir leis an reachtaíocht dá dtagraítear i bpointí (3)(g) agus (h) d’Airteagal 3) dá mba rud é go raibh siad bunaithe san Aontas;
(iii)
18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(9) do chontrapháirtithe airgeadais dá dtagraítear i bpointe (3)(c) go 3(f) d’Airteagal 3 agus d’eintitis de chuid tríú tíortha dá dtagraítear i bpointe (3)(i) d’Airteagal 3 a mbeadh údarú nó clárú uathu i gcomhréir leis an reachtaíocht dá dtagraítear i bpointí (3)(c) go (f) d’Airteagal 3) dá mba rud é go raibh siad bunaithe san Aontas; agus
(iv)
21 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(9) do chontrapháirtithe neamhairgeadais;
(b)
Airteagal 13, a mbeidh feidhm aige ón 13 Eanáir 2017;
(c)
Airteagal 14, a mbeidh feidhm aige ón 13 Iúil 2017 i gcás gnóthas comhinfheistíochta atá faoi réir Threoir 2009/65/CE nó faoi réir Threoir 2011/61/AE arna gcur ar bun roimh an 12 Eanáir 2016;
(d)
Airteagal 15, a mbeidh feidhm aige ón 13 Iúil 2016, lena n-áirítear le haghaidh socruithe comhthaobhachta atá i bhfeidhm ar an dáta sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|