4. Ar bhonn bliantúil, don chéad dá bhliain de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, baileoidh ESMA na bileoga faisnéise infheistíochta bunriachtanaí arna dtarraingt suas ag úinéirí tionscadal a d’eisigh ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de Chuid F d’Iarscríbhinn 1 de réir mar a fhoráiltear i mbileoga faisnéise infheistíochta bunriachtanaí i gcomparáid leis an bhfaisnéis a thugann na Ballstáit faoi mhír 3 den Airteagal seo. Déanfaidh ESMA an chomparáid a thíolacadh chuig an gCoimisiúin, a chuirfidh san áireamh é sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 45.