6. I gcás ina n-úsáidtear meán sainchuspóireach chun seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar, ní dhéanfar ach sócmhainn neamhleachtach nó dhoroinnte amháin a thairiscint tríd an meán sainchuspóireach sin. Beidh an ceanglas sin i bhfeidhm ar bhonn trédhearcach i dtaca leis an sócmhainn fholuiteach neamhleachtach nó dhoroinnte i seilbh na struchtúr airgeadais nó dlíthiúil atá faoi úinéireacht nó rialú iomlán nó páirteach an mheáin shainchuspóirigh. Is faoi infheisteoirí, agus infheisteoirí amháin, a bheidh sé cinneadh a dhéanamh maidir le neamhchosaint ar an sócmhainn fholuiteach sin a ghlacadh.