2. Chun mír 1 a chomhlíonadh, beidh próisis agus modheolaíochtaí inmheánacha láidre i bhfeidhm ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin agus úsáidfidh sé sonraí iomchuí. Féadfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a shonraí féin a úsáid, nó sonraí ó thríú páirtithe a úsáid.
Ar bhonn critéir fhónta dhea-shainithe agus na tosca ábhartha a bhféadfadh tionchar mífhabhrach a bheith acu ar fheidhmíocht na n-iasachtaí á gcur san áireamh, déanfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an méid seo a leanas a mheas:
|
(a)
|
an riosca creidmheasa a bhaineann le tionscadail sluachistiúcháin aonair arna roghnú do phunann an infheisteora;
|
|
(b)
|
an riosca creidmheasa atá ann ar leibhéal punainne an infheisteora; agus
|
|
(c)
|
riosca creidmheasa na n-úinéirí tionscadal arna roghnú do phunann an infheisteora tríd an dóchúlacht go gcomhlíonfaidh na húinéirí tionscadal a gcuid oibleagáidí faoin iasacht a fhíorú.
|
Tabharfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin tuairisc freisin don infheisteoir ar an modh a úsáideadh do na measúnuithe dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den dara fomhír.