5. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na ceanglais, na formáidí caighdeánacha agus na nósanna imeachta a shonrú maidir le gearáin a láimhseáil.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Samhain 2021.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.