13. Féadfaidh infheisteoir ionchasach a iarraidh ar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin socrú a dhéanamh leis an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a aistriú go rogha teanga an infheisteora. Leis an aistriúchán, léireofar go dílis agus go cruinn a bhfuil sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí.
I gcás nach soláthraíonn an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an t-aistriúchán a iarradh ar an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin comhairle shoiléir ar an infheisteoir ionchasach nár cheart dó an infheistíocht a dhéanamh.