2. Coimeádfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar leibhéal an ardáin cothrom le dáta i gcónaí agus ar feadh ré na tairisceana sluachistiúcháin. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin na hinfheisteoirí a bhfuil tairiscint déanta acu infheistíocht a dhéanamh nó a bhfuil suim léirithe acu i leith na tairisceana sluachistiúcháin ar an eolas láithreach maidir le haon athrú ábhartha ar an bhfaisnéis atá sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí.