4. Áiritheoidh na Ballstáit, ar a laghad, go bhfuil an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin freagrach as an bhfaisnéis a thugtar sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar leibhéal an ardáin. Aithneofar go soiléir sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar leibhéal ardáin iad siúd atá freagrach as an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, agus, i gcás duine nádúrtha, déanfar sin trína n-ainmneacha agus a bhfeidhmeanna a lua, nó i gcás daoine dlítheanacha trína n-oifigí cláraithe a lua, agus chomh maith leis sin trí dhearbhuithe uathu á rá go bhfuil, chomh fada lena n-eolas, an fhaisnéis atá ar bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí i gcomhréir leis na fíricí agus nach bhfuil aon easnamh ar bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá brí.