5. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag a ndlíthe, a rialacháin agus a bhforálacha riaracháin i ndáil le dliteanas sibhialta maidir le daoine nádúrtha agus dlítheanacha atá freagrach as an bhfaisnéis a thugtar sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar leibhéal an ardáin, lena n-áirítear aon aistriúchán uirthi, sna cásanna seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
tá an fhaisnéis míthreorach nó míchruinn; nó
|
|
(b)
|
fágtar faisnéis bhunriachtanach ar lár sa bhileog faisnéise infheistíochta ar leibhéal ardáin bunriachtanaí a bhfuil gá léi chun cabhrú le hinfheisteoirí cinneadh a dhéanamh maidir le hinfheistiú trí bhainistiú punainne aonair iasachtaí.
|