8. I gcás ina dtugtar bileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar leibhéal an ardáin arna tarraingt suas i gcomhréir leis an Airteagal seo d’infheisteoirí ionchasacha, measfar go bhfuil an oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a dhréachtú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 comhlíonta ag na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag an gcéad fhomhír maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a thugann comhairle i ndáil le tairiscint sluachistiúcháin nó a dhéanann tairiscint sluachistiúcháin a mhargú.