2. Sula dtiocfaidh deireadh le tiomsú na gcistí do thionscadal, ní dhíreoidh aon chumarsáid mhargaíochta go díréireach ar thionscadail nó ar thairiscintí sluachistiúcháin aonair atá pleanáilte, ar feitheamh nó atá ann faoi láthair.
Beidh an fhaisnéis a bheidh i gcumarsáid mhargaíochta cothrom, soiléir agus ní bheidh sí míthreorach, agus beidh sí comhsheasmhach leis an bhfaisnéis atá sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, má tá an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar fáil cheana féin, nó leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a bheith sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, i gcás nach mbeidh an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ar fáil go fóill.