8. Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis atá le malartú idir na húdaráis inniúla i gcomhréir le fomhír 1 a shonrú.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Bealtaine 2022.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.