9. Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú le haghaidh comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Bealtaine 2022.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.