3. I bhfeidhmiú a gcumhachtaí pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur faoi Airteagal 39, comhoibreoidh údaráis inniúla go dlúth lena áirithiú go mbeidh feidhmiú a gcumhachtaí maoirseachta, agus imscrúdaitheacha agus na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile a fhorchuirfidh siad faoin Rialachán seo éifeachtach agus iomchuí. Comhordóidh siad a ngníomhaíocht chun dúbláil agus forluí a sheachaint nuair a bheidh a gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha á bhfeidhmiú acu agus nuair a bheidh pionóis agus bearta riaracháin eile á bhforchur acu i leith cásanna trasteorann.