|
+Airteagal 19 2. |
Airteagal 19 2.Leagfaidh na Ballstáit na ceanglais síos maidir leis an gcead dá dtagraítear i mír 1, lena n‐áireofar an méid a leanas ar a laghad:
(a)
clár leordhóthanach oibríochtaí lena leagtar amach eisiúint bannaí faoi chumhdach;
(b)
beartais leordhóthanacha, próisis agus modheolaíochtaí dírithe ar chosaint infheisteoirí chun iasachtaí atá san áireamh leis an gcomhthiomsú cumhdaigh a fhormheas, a leasú, a athnuachan agus a athmhaoiniú;
(c)
lucht bainistíochta agus foireann atá tiomnaithe don chlár bannaí faoi chumhdach lena mbaineann cáilíochtaí leordhóthanacha agus eolas leordhóthanach maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus riar an chláir bannaí faoi chumhdach;
(d)
leagan amach riaracháin an chomhthiomsaithe cumhdaigh agus an faireachán air lena gcomhlíontar na ceanglais is infheidhme a leagtar síos i bhforálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|