|
+Airteagal 33 6. |
Airteagal 33 6.Beidh na hathbhreithneoirí seachtracha fós freagrach as aon ghníomhaíocht sheachfhoinsithe agus glacfaidh siad bearta chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(a)
go ndéanfaidh siad measúnuithe i dtaobh an ndéanann soláthraithe seirbhíse tríú páirtí gníomhaíochtaí measúnúcháin seachfhoinsithe go héifeachtach, agus na dlíthe is infheidhme de chuid an Aontais agus na dlíthe náisiúnta is infheidhme agus na ceanglais rialála á gcomhlíonadh acu, agus an dtugann siad aghaidh go leormhaith ar theipeanna a shainaithnítear;
(b)
go ndéantar aon rioscaí féideartha i ndáil le gníomhaíochtaí measúnúcháin seachfhoinsithe a shainaithint;
(c)
go ndéantar faireachán tréimhsiúil ar na gníomhaíochtaí measúnúcháin seachfhoinsithe;
(d)
nósanna imeachta rialaithe leormhaithe maidir le gníomhaíochtaí measúnúcháin seachfhoinsithe, lena n-áirítear maoirseacht éifeachtach ar na gníomhaíochtaí measúnúcháin seachfhoinsithe agus ar aon riosca féideartha i ndáil leis an soláthraí seirbhíse tríú páirtí;
(e)
leanúnachas leormhaith gnó maidir leis na gníomhaíochtaí measúnúcháin seachfhoinsithe. Chun críocha na chéad fhomhíre, phointe (e), gheobhaidh na hathbhreithneoirí seachtracha faisnéis maidir le socruithe leanúnachais gnó na soláthraithe seirbhíse tríú páirtí, déanfaidh siad measúnú ar a gcáilíocht agus iarrfaidh siad feabhsuithe ar shocruithe den sórt sin i gcás inar gá. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|