|
+Airteagal 55 1. |
Airteagal 55 1.Chun a dhualgais faoin Rialachán seo a chur i gcrích, féadfaidh ESMA imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 54(1). Chuige sin, cumhachtófar d’oifigigh agus do dhaoine eile arna n-údarú ag ESMA an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, gan beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;
(b)
cóipeanna deimhnithe a thógáil nó a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;
(c)
aon duine dá dtagraítear in Airteagal 54(1) nó ionadaithe nó foireann an duine sin a thoghairm agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh orthu ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta a iarraidh orthu, agus na freagraí uathu a thaifeadadh;
(d)
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;
(e)
taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|