+Airteagal 52 2
|
Airteagal 52 2
2. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar phríomhthorthaí na meastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Agus an mheastóireacht á déanamh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé forbairtí sa mhargadh agus an fhianaise ábhartha atá ar fáil dó san áireamh. Sa tuarascáil déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:
|
(a)
|
tionchar an Rialacháin seo ar an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe, ar an mbearna infheistíochtaí is gá chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, agus ar shreafaí caipitil phríobháidigh a atreorú i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe;
|
|
(b)
|
tionchar an Rialacháin seo ar struchtúr an mhargaidh, lena n-áirítear éabhlóid ar líon agus éagsúlacht na soláthraithe rátála ESG;
|
|
(c)
|
i dtaobh an bhfuil raon feidhme an Rialacháin seo iomchuí chun a chuspóirí a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 1, lena n-áirítear i dtaobh ar cheart soláthraithe táirgí sonraí maidir le cearta comhshaoil, cearta sóisialta agus cearta an duine, agus le fachtóirí rialachais, a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo;
|
|
(d)
|
leorgacht na gceanglas ar sholáthraithe rátála ESG atá bunaithe lasmuigh den Aontas oibriú san Aontas;
|
|
(e)
|
feidhmiú mhargadh na soláthraithe rátála ESG san Aontas, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa féideartha, agus an mhaoirseacht a dhéanann ESMA air;
|
|
(f)
|
i dtaobh ar rannchuidigh an Rialachán seo, lena n-áirítear prionsabal na neamhthrasnaíochta dá dtagraítear in Airteagal 28, le cáilíocht agus iontaofacht rátálacha ESG a fheabhsú agus le húsáid rátálacha ESG míthreoracha a laghdú.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|