+Airteagal 11 7.

Airteagal 11 7.

A mhéid a bhaineann le drochthionchair iarbhír dá dtagraítear i mír 1 nach bhféadfaí deireadh a chur leo nó nach bhféadfaí a méid a íoslaghdú leis na bearta a leagtar amach i míreanna 3, 5 agus 6, déanfaidh an chuideachta an méid seo a leanas, mar rogha dheireanach agus go dtí go dtabharfar aghaidh ar an tionchar sin:

(a) 

staonadh ó chaidreamh nua a dhéanamh le comhpháirtí gnó, nó ó chaidreamh atá ann cheana a leathnú le comhpháirtí gnó, ar i dtaca leis an gcomhpháirtí sin nó lena shlabhra gníomhaíochtaí a tháinig an tionchar chun cinn;

(b) 

i gcás ina bhfuil sí i dteideal amhlaidh faoin dlí lena rialaítear a caidreamh leis an gcomhpháirtí gnó lena mbaineann, an caidreamh gnó maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann a chur ar fionraí, lena n-áirítear d’fhonn a giaráil a úsáid nó a mhéadú, agus

(c) 

plean gníomhaíochta ceartaitheach feabhsaithe maidir leis an drochthionchar sonrach a ghlacadh agus a chur chun feidhme gan moill mhíchuí, ar choinníoll go bhfuil ionchas réasúnta ann go n-éireoidh leis na hiarrachtaí den sórt sin.

Fad a bheidh ionchas réasúnta ann go n-éireoidh leis an bplean gníomhaíochta ceartaitheach feabhsaithe, ní bheidh an chuideachta neamhchosanta ar phionóis de bhun Airteagal 27 ná ar dhliteanas faoi Airteagal 29 toisc leanúint de bheith i dteagmháil leis an gcomhpháirtí gnó.

Sula gcuirfear caidreamh gnó ar fionraí, déanfaidh an chuideachta measúnú i dtaobh an féidir a mheas go réasúnta go mbeidh na drochthionchair a eascraíonn as caidreamh gnó a chur ar fionraí go follasach níos déine ná an drochthionchar nach bhféadfaí deireadh a chur leis nó a mhéid nach bhféadfaí a íoslaghdú go leormhaith. Dá mb’amhlaidh an cás é, ní cheanglófar ar an gcuideachta an caidreamh gnó a chur ar fionraí agus beidh sí in ann tuairisc a thabhairt don údarás inniúil maoirseachta faoi na cúiseanna cuí-réasúnaithe le cinneadh den sórt sin.

Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le rogha chun an caidreamh gnó a chur ar fionraí i gconarthaí a rialaítear lena ndlíthe i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, cé is moite de chonarthaí ina bhfuil oibleagáid dlí ar na comhpháirtithe iad a dhéanamh.

I gcás ina gcinnfidh an chuideachta an caidreamh gnó a chur ar fionraí, déanfaidh sí bearta chun tionchair na fionraí a chosc, a mhaolú nó deireadh a chur leo, tabharfaidh sí fógra réasúnta don chomhpháirtí gnó lena mbaineann agus coimeádfaidh sí an cinneadh sin faoi athbhreithniú.

I gcás ina gcinnfidh an chuideachta gan an caidreamh gnó a chur ar fionraí de bhun an Airteagail seo, déanfaidh sí faireachán ar an drochthionchar iarbhír agus déanfaidh sí measúnú tréimhsiúil ar a cinneadh agus i dtaobh an bhfuil bearta iomchuí breise ar fáil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1760
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.