|
+Airteagal 16 3. |
Airteagal 16 3.Beidh an méid seo a leanas san áireamh i gcúraimí comhfhoirne maoirseachta:
(a)
na hathbhreithnithe agus na measúnuithe maoirseachta a dhéanamh ar na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid;
(b)
cigireachtaí ar an láthair a chomhordú ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid agus bearta maoirseachta a ullmhú i gcás inar gá;
(c)
páirt a ghlacadh in ullmhú na ndréachtchinntí is infheidhme maidir leis an eintiteas roghnaithe áirithe faoi oibleagáid a bheidh le moladh don Bhord Ginearálta agus don Bhord Feidhmiúcháin, agus na hathbhreithnithe, na measúnuithe agus na cigireachtaí ar an láthair dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) á gcur san áireamh;
(d)
idirchaidreamh a dhéanamh le maoirseoirí airgeadais i gcás inar gá sin chun cúraimí maoirseachta a fheidhmiú in aon Bhallstát ina bhfuil eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid bunaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|