|
+Airteagal 26 1. |
Airteagal 26 1.Beidh smachtbhannaí airgid agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear de bhun Airteagail 22 agus 23 in-fhorfheidhmithe. Déanfar forfheidhmiú a rialú leis na rialacha nós imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina ndéantar an forfheidhmiú ar a chríoch. Maidir leis an ordú chun forfheidhmiú a dhéanamh, déanfar é a chur i gceangal leis an gcinneadh chun smachtbhannaí airgid nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur de bhun Airteagail 22 agus 23 gan aon fhoirmiúlacht cé is moite de bharántúlacht an chinnidh a fhíorú ag an údarás a bheidh ainmnithe chuige sin ag rialtas gach Ballstáit, ar údarás é a gcuirfidh rialtas gach Ballstáit an tÚdarás agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an eolas ina leith. Nuair atá na foirmiúlachtaí sin curtha i gcrích, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh an páirtí sin dul i mbun an fhorfheidhmiúcháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomhlachta inniúil. Ní fhéadfar forfheidhmiúchán a chur ar fionraí ach amháin trí bhreith ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin go bhfuil an forfheidhmiúchán á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|