2. Sula ndéanfar táirge a chur ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV curtha i gcrích ag an monaróir. Áiritheoidh siad go bhfuil an doiciméadacht theicniúil tarraingthe suas ag an monaróir faoi mar a éilítear san Iarscríbhinn sin, go bhfuil comhartha CE ar an táirge agus go bhfuil na doiciméid a cheanglaítear ag gabháil leis agus go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(5) agus (6) comhlíonta ag an monaróir.