7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun Iarscríbhinn VI a fhorlíonadh trí na critéir ábhartha atá le cur san áireamh ag an oibreoir eacnamaíoch chun an measúnú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh a shonrú. I gcás ina sonraítear tuilleadh de na critéir sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh ní amháin na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann do dhaoine faoi mhíchumas, ach, chomh maith leis sin, dóibh siúd a bhfuil teorainneacha feidhme acu.
Déanfaidh an Coimisiún an chéad ghníomh tarmligthe den sórt sin a ghlacadh pé uair is gá faoin 28 Meitheamh 2020. Cuirfear gníomh den sórt sin i bhfeidhm, ar a luaithe, an 28 Meitheamh 2025.