3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil do thomhaltóirí, arna iarraidh sin dóibh agus i bhformáid inrochtana, faisnéis atá i seilbh na n-údarás um fhaireachas margaidh maidir le ceanglais inrochtaineachta is infheidhme na Treorach seo atá le comhlíonadh ag oibreoirí eacnamaíocha agus maidir leis an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 14, ach amháin i gcás nach féidir an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar chúiseanna rúndachta de réir mar a fhoráiltear dó sin in Airteagal (19)(5) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.