2. Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis a bheidh freagrach as cur chun feidhme na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 maidir le comhlíonadh seirbhísí.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an pobal ar an eolas gurb ann do na húdaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sainaithneoidh siad na húdaráis sin, na freagrachtaí atá orthu, agus an obair agus na cinntí a dhéanann siad dá dtagraítear inti. Cuirfidh na húdaráis sin an fhaisnéis sin ar fáil i bhformáidí inrochtana arna iarraidh sin orthu.