|
+Airteagal 33 2 |
Airteagal 33 22. I bhfianaise a bhfuil ag tarlú i réimsí sóisialta, eacnamaíocha agus teicneolaíocha, tabharfar aghaidh sa tuarascáil, inter alia, ar theacht chun cinn inrochtaineacht ar tháirgí agus ar sheirbhísí, gaibhniú teicneolaíochta nó bacainní ar an nuálaíocht a d’fhéadfadh tarlú agus ar an tionchar a bheadh ag an Treoir seo ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar dhaoine atá faoi mhíchumas. Déanfar a mheas freisin sna tuarascálacha sin cé acu a chuidigh nó nár chuidigh cur i bhfeidhm Airteagal 4(4) chun comhfhogasú a dhéanamh, nuair ab fhéidir sin, ar riachtanais éagsúla inrochtaineachta na timpeallachta tógtha a bhíonn ag seirbhísí iompair do phaisinéirí, seirbhísí baincéireachta tomhaltóirí, lárionaid seirbhísí custaiméirí, agus ag siopaí soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, d’fhonn gur féidir na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ailíniú go forásach. Déanfar measúnú sa tuarascáil chomh maith ar cé acu a chuidigh nó nár chuidigh an Treoir seo, agus go háirithe a forálacha saorálacha, le comhfhogasú a dhéanamh maidir le héagsúlacht na gceanglas inrochtaineachta sa timpeallacht thógtha ar oibreacha iad a thagann faoi raon feidhme Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35), Treoir 2014/24/AE agus Treoir 2014/25/AE. Anuas air sin, tabharfar aghaidh sna tuarascálacha ar an tionchar atá ag cur i bhfeidhm Airteagal 14 den Treoir seo ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil air sin, ar bhonn na faisnéise a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 14(8), agus ar chur i bhfeidhm na díolúine do mhicreafhiontair. Is bunaithe ar na tuarascálacha seo a chinnfear cé acu a d’éirigh nó nár éirigh leis an Treoir seo a cuid aidhmeanna a bhaint amach agus arbh iomchuí táirgí agus seirbhísí nua a chuimsiú, nó arbh iomchuí táirgí nó seirbhísí áirithe a eisiamh ó raon na Treorach seo; déanfaidh na tuarascálacha réimsí a shainaithint, nuair is féidir, maidir leis an ualach ábhartha a laghdú d’fhonn athbhreithniú féideartha a dhéanamh ar an Treoir seo. I gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí a mholadh, a bhfeadfadh bearta reachtacha a bheith san áireamh iontu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|