|
+Article 7 2b. |
Article 7 2b.I gcás nach meastar sócmhainní leachtacha arna sealbhú sa mhaolán leachtachta comhthiomsaithe cumhdaigh a bheith neamhualaithe de bhun mhír 2a den Airteagal seo, mar sin féin, measfar iad a bheith neamhualaithe le linn na tréimhse struis 30 lá féilire, a leagtar síos in Airteagal 4, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
de réir fhorálacha an dlí náisiúnta, ceanglaítear ar an eisitheoir bannaí faoi chumhdach a shócmhainní a bheith ceangailte d’eisiúintí bannaí faoi chumhdach;
(b)
tá na sócmhainní leachtacha ceangailte mar rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh neamhéigeantach le heisiúint bannaí faoi chumhdach;
(c)
comhlíonann na sócmhainní leachtacha na ceanglais eile uile a leagtar síos i dTeideal II den Rialachán seo;
(d)
ní théann an méid sócmhainní leachtacha a mheastar a bheith neamhualaithe faoin mír seo thar mhéid iomlán na nglan-eis-sreafaí leachtachta, arna ríomh faoi Theideal III den Rialachán seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|