|
+Airteagal 1 2. |
Airteagal 1 2.Go háirithe, leis an Rialachán seo, leagtar síos an méid seo a leanas:
(a)
ceanglais maidir le trédhearcacht agus nochtadh chun cripteashócmhainní a eisiúint, a thairiscint don phobal agus a ligean isteach chun a dtrádála ar ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní (‘ligean isteach chun trádála’);
(b)
ceanglais maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha agus eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid a údarú agus a mhaoirsiú, chomh maith lena n-oibriú, a n-eagrú agus a rialachas;
(c)
ceanglais maidir le sealbhóirí cripteashócmhainní a chosaint agus iad á n-eisiúint, á dtairiscint don phobal agus á ligean isteach chun cripteashócmhainní a thrádáil;
(d)
ceanglais maidir le cliaint soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a chosaint;
(e)
bearta chun cosc a chur ar dhéileáil cos istigh, nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh agus cúbláil margaidh a bhaineann le cripteashócmhainní, chun sláine na margaí i gcripteashócmhainní a áirithiú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|