|
+Airteagal 10 3. |
Airteagal 10 3.Tairgeoirí cripteashócmhainní seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid a leagann teorainn ama síos maidir lena dtairiscint don phobal ar na cripteashócmhainní sin, beidh socruithe éifeachtacha i bhfeidhm acu chun faireachán a dhéanamh ar na cistí nó ar chripteashócmhainní eile a chruinnítear le linn na tairisceana don phobal agus chun na cistí nó cripteashócmhainní eile sin a choimirciú. Chun na críche sin, áiritheoidh na tairgeoirí sin go gcoimeádfaidh ceann amháin nó an dá cheann díobh seo a leanas faoi chumhdach na cistí nó cripteashócmhainní a chruinnítear le linn na tairisceana don phobal:
(a)
institiúid creidmheasa, ina mbailítear cistí le linn na tairisceana don phobal;
(b)
soláthraí seirbhísí cripteashócmhainne a sholáthraíonn cumhdach agus riar cripteashócmhainní thar ceann cliant. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|