+Airteagal 14 Oibleagáidí tairgeoirí agus daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainní-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.

Airteagal 14 Oibleagáidí tairgeoirí agus daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainní-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1.

I gcás tairgeoirí agus daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid:

(a) 

gníomhóidh siad ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil;

(b) 

déanfaidh siad cumarsáid le sealbhóirí agus sealbhóirí ionchasacha na gcripteashócmhainní ar bhealach atá cothrom agus soiléir agus nach bhfuil míthreorach;

(c) 

déanfaidh siad aon choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht chun cinn a shainaithint, a chosc, a bhainistiú agus a nochtadh;

(d) 

coimeádfaidh siad a gcórais uile agus a bprótacail rochtana slándála uile ar bun i gcomhréir le caighdeáin iomchuí an Aontais.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, eiseoidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, faoin 30 Nollaig 2024 treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun na caighdeáin sin de chuid an Aontais a shonrú.

Airteagal 14 2.
Tairgeoirí agus daoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, gníomhóidh siad chun leasa na sealbhóirí cripteashócmhainní sin agus caithfidh siad mar an gcéanna leo ar fad, ach amháin má nochtar aon chóir fhabhrach do shealbhóirí sonracha agus na cúiseanna leis an gcóir fhabhrach sin sa pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus, i gcás inarb infheidhme, sa chumarsáid mhargaíochta.
Airteagal 14 3.
I gcás ina ndéantar tairiscint don phobal ar chripteashócmhainn seachas comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid a chur ar ceal, áiritheoidh tairgeoirí cripteashócmhainne den sórt sin go dtugtar ar ais go cuí aon chistí a bhailítear ó shealbhóirí nó ó shealbhóirí ionchasacha tráth nach déanaí ná 25 lá féilire tar éis dháta an chealaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.