|
+Airteagal 48 1. |
Airteagal 48 1.Ní dhéanfaidh duine tairiscint don phobal ar chomhartha ríomh-airgid ná ní iarrfaidh sé go ligfí isteach chun a thrádála é, laistigh den Aontas, ach amháin más rud é gurb é eisitheoir an chomhartha ríomh-airgid sin an duine sin agus gur fíor an méid seo a leanas ina leith:
(a)
tá sé údaraithe mar institiúid creidmheasa nó mar institiúid ríomh-airgid; agus
(b)
tá fógra tugtha aige don údarás inniúil faoi pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní agus tá an páipéar bán sin maidir le cripteashócmhainní foilsithe aige i gcomhréir le hAirteagal 51. D’ainneoin na chéad fhomhíre, ar thoiliú i scríbhinn ón eisitheoir, féadfaidh daoine eile an comhartha ríomh-airgid a thairiscint don phobal nó a iarraidh go ligfí isteach é chun a thrádála. Comhlíonfaidh na daoine sin Airteagail 50 agus 53. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|