|
+Airteagal 64 1. |
Airteagal 64 1.Déanfaidh údaráis inniúla údarú soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a tharraingt siar i gcás ina ndéanann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)
níor úsáid sé a údarú laistigh de 12 mhí ó dháta an údaraithe;
(b)
thréig sé a údarú go sainráite;
(c)
níor sholáthair sé seirbhísí cripteashócmhainní ar feadh 9 mí as a chéile;
(d)
fuair sé a údarú trí mhodhanna neamhrialta, amhail trí ráitis bhréagacha a dhéanamh ina iarratas ar údarú;
(e)
níl na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh aige agus níl an ghníomhaíocht cheartaitheach atá iarrtha ag an údarás inniúil déanta aige laistigh den tréimhse shonraithe ama;
(f)
níl córais, nósanna imeachta ná socruithe éifeachtacha i bhfeidhm aige chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhrath agus a chosc i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849;
(g)
tá sárú tromchúiseach déanta aige ar an Rialachán seo, lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le cosaint sealbhóirí cripteashócmhainní nó cliant soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, nó sláine an mhargaidh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|