|
+Airteagal 109 3. |
Airteagal 109 3.Maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, beidh an fhaisnéis seo a leanas sa chlár:
(a)
ainm, foirm dhlíthiúil agus aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora;
(b)
ainm tráchtála, seoladh fisiciúil, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist agus suíomh gréasáin an eisitheora;
(c)
na páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní agus aon pháipéir bhána mhodhnaithe maidir le cripteashócmhainní, agus na leaganacha as dáta den pháipéar bán maidir le cripteashócmhainní á gcoinneáil i gcartlann ar leithligh agus iad marcáilte go soiléir mar pháipéir bhána atá as dáta;
(d)
an liosta de na Ballstáit óstacha ina bhfuil sé beartaithe ag an eisitheoir is iarratasóir comhartha sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó ina bhfuil sé beartaithe aige a iarraidh go ligfí isteach na comharthaí sócmhainn-tagartha chun a dtrádála;
(e)
dáta tosaigh nó, mura bhfuil sé ar fáil tráth an fhógra ón údarás inniúil, an dáta tosaigh atá beartaithe maidir leis an tairiscint don phobal nó leis an ligean isteach chun trádála;
(f)
aon seirbhísí eile a sholáthraíonn an t-eisitheoir agus nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, le tagairt do dhlí an Aontais is infheidhme nó don dlí náisiúnta is infheidhme;
(g)
dáta an údaraithe chun comhartha sócmhainn-tagartha nó údarú mar institiúid creidmheasa a thairiscint nó don phobal a iarraidh go ligfí isteach iad chun a dtrádála agus, i gcás inarb infheidhme, dáta an údaraithe chun ceachtar den dá údarú a tharraingt siar. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|