2. Más rud é, i gcásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go bhfuil an rialaitheoir in ann a thaispeáint nach bhfuil sé in ann an t-ábhar sonraí a shainaithint, cuirfidh an rialaitheoir an méid sin in iúl dá réir don ábhar sonraí, más féidir. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 17 go Airteagal 22 ach amháin i gcás ina soláthraíonn an t-ábhar sonraí tuilleadh faisnéise lena gcumasaítear é nó í a shainaithint, chun críocha a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoi na hAirteagail sin.