2. I gcás inar chuir an rialaitheoir na sonraí pearsanta ar fáil don phobal agus ina bhfuil sé d’oibleagáid air de bhun mhír 1 na sonraí pearsanta a léirscriosadh, déanfaidh an rialaitheoir, agus an teicneolaíocht atá ar fáil agus costas an chur chun feidhme á gcur san áireamh, bearta réasúnta, lena n-áirítear bearta teicniúla, chun rialaitheoirí, nó rialaitheoirí seachas institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, a bhfuil próiseáil á déanamh acu ar na sonraí pearsanta, a chur ar an eolas go bhfuil sé iarrtha ag an ábhar sonraí go ndéanfadh rialaitheoirí den sórt sin aon nasc leis na sonraí pearsanta sin nó le haon chóip nó aon mhacasamhlú de na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh.