1. Agus an úrscothacht, an costas a bhaineann le cur chun feidhme, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh, mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha a bhaineann leis an bpróiseáil, ar rioscaí iad lena ngabhann dóchúlacht agus déine éagsúil, déanfaidh an rialaitheoir, tráth chinneadh na modhanna chun an phróiseáil a dhéanamh agus tráth na próiseála féin, bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme, amhail ainm bréige a chur i bhfeidhm, a cheaptar chun na prionsabail a bhaineann le cosaint sonraí a chur chun feidhme, amhail íoslaghdú sonraí, ar bhealach éifeachtach agus déanfaidh sé na coimircí is gá a chomhtháthú sa phróiseáil chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus cearta na n-ábhar sonraí a chosaint.